Siollabas:
|
|
| Title | Polasaí Inmheánach Hitler |
|
|
| Keywords | Autarky;Gleichschaltung;FrithGhiúdachas |
| Objectives | Go mbeadh daltaí in ann :comhthéacs teacht chun cumhachta Hitler a thuiscint a choimriú;na h-eocharchoincheapanna a mhíniú; léirléamh a dhéanamh ar ollsmachtachas trín gcás seo. |
| Author | Michelle D’Altuin |
|
|
|
|
|
|
|
|
Polasaí Inmheánach Hitler
Teacht chun Cumhachta 
Ceapadh Hitler ina sheansailéir ar an nGearmáin ar an 30ú Eanáir 1933. Chreid Von Papen, an té a mhol an ceapacháin gur phuipéid le rialtas soip a bheadh ann ach bhí a mhalairt ar intinn ag Hitler. Theastaigh uaidh go mbeadh an stát ar fad faoina smacht féin. Chuige seo ghairm sé olltoghchán i mí na Márta. Ach ar an 27ú Feabhra chuaigh an Reichstag trí thine. Seans maith gurb iad na Naitsithe fé ndear é ach cuireadh an milleán ar na Cumannaigh agus gabhadh Cumannach ón Ísiltír Marinius Van der Lubbe. Mhaígh Hitler go gcaithfí an Mhór-Roinn a shábháil ón mBagairt Dhearg agus faoi mhaidin bhí 4,000 oifigeach cumannach i ngéibheann.
Deachtóireacht
D’áitigh Hitler ar an Uachtarán an Forógra um Chosaint na nDaoine is an Stáit a reáchtáil a thug cead don Stát cearta na ndaoine a chur ar fionraí agus éinne a imtheorannú agus a mharú dá mbeifí amhrasach faoina dílseacht don stát. Bhí olltoghchán i Márta 1933 agus an-chuid imeaglaithe ar siúl ag an SA agus SS. Nasc Hitler an páirtí Náisiúnach leis na Naitsithe, níor ceadaíodh do na Cumannaigh a suíochán a thógáil agus sa tslí seo bhí móramh ag Hitler. Ar an 23ú Márta reáchtáladh an tAcht Údaraithe, mar sin tig linn a rá gur deineadh deachtóir de Hitler go bunreachtúil.
Gleichschaltung
Thosaigh sé láithreach ar Gleichschaltung, go mbeadh na Naitsithe i gceannais ar gach gné de shaol na Gearmáine. Márta agus Aibreán scrios Hitler an neamhspleáchas a bhí ag na stáit ar leith le gobharnóir Naitsíoch a chur i ngach ceann agus móramh Naitsíoch sna dáileanna. Ansin mí Eanáir 1934 fuair sé réidh ar fad le teoiric an rialtais fheidearálaigh. Ansin thug sé faoi phurgóid a dhéanamh ar an Státseirbhís. Chreid sé go mbeadh Státseirbhís neamhspleách dainséarach agus reachtaigh an Acht um Athghaim an Státseirbhís, rud a chiallaigh gurb iad na Naitsithe a bhí i gceannas ar cheapacháin agus briseadh as poist. Cuireadh toirmisc ar an bpáirtí Cumannach Feabhra 1933 agus ritheadh dlí i mí Iúil a d’fhógair gurb é Páirtí na Naitsithe an t-aon pháirtí dleathach sa Stát. Lánscoir Hitler an Reichstag Feabhra 1934 agus faoi seo ní raibh aon rogha polaitiúil seachas deachtóireacht Hitler fágtha.
Smacht san Ionad Oibre
Bhí an riail ollsmachtach i gceannas ar an dtionsclaíocht freisin. Fuarthas réidh le ceardchumainn Bealtaine 1933 agus ina n-áit cuireadh an fronta saothair a bhí faoi stiúir na Naitsithe. Bhí toirmeasc ar stailceanna. Bhí praghsanna agus tuarastail faoi smacht an stáit ach ar a laghad bhí laethanta saoire agus scéimeanna leasa shóisialta ann.
Oíche na Sceana Fada
Tháinig Hitler chun cumhachta le cabhair an SA faoi Ernst Röhm ach anois thosaigh siadsan ag gearán go raibh an taobh ‘sóisialach’ den bhuneagraíocht ligthe i ndearmad. Theastaigh ó Hitler áit ar leith a choimeád don arm, go háirithe ó bheadh cabhair na nginearál uaidh san ath-armáil agus bhí sé ag súil go mbeadh sé féin ina chomharba ar Hindenberg mar cheannaire ar na bhfórsaí armtha. Mí Iúil 1934 fuair Hitler réidh le Röhm. Meastar gur mharaigh an t- Arm suas is anuas le 400 an oíche úd,. As sin amach tháinig an SS agus an Gestapo chun cinn agus nuair a fuair an t-Uachtarán Hindenberg bás Lúnasa 1934 naisc Hitler poist an tseansailéara agus an Uachtaráin agus dhein sé ceannaire stáit agus an airm de féin, ag tabhairt Der Fűhrer air féin.


Autarky
Theastaigh ó na Naitsithe go mbeadh an tír féinchothaitheach, Autarky a thug siad air. Chuirfí eagar ar an ngeilleagar le dhá phlean ceithre bliana faoi Reinhardt agus Göring faoi seach. Dar ndóigh sheas sé leo go raibh an chuid ba mheasa den spealadh eacnamaíochta thart faoi 1933. Tosaíodh ar chlár mór oibrithe poiblí. Tógadh mórbhealaí, Autobahnen, ag fostú 200,000 fear agus cuireadh caoi ar an gcóras taisteal poiblí. Fostaíodh milliún duine i ndéanamh gluaisteán an Volkswagen. Tógadh tithe nua don aicme oibre agus méadaíodh ar an Státseirbhís, an arm agus eagraíochtaí an pháirtí. Bhí an-tábhacht ag baint le h-armlón a thairgeadh go háirithe sa dara phlean. Deineadh ath-chúrsáil ar dhramhaíl. Ar an taobh talmhaíochta de níor éirigh go rómhaith le cúrsaí agus sa chogadh idir ‘gunnaí nó im’ ba léir suim Hitler in infheistiú san armlóin. Thit an ráta dífhostaíochta ó 6m i 1933 go lán-fhostaíochta i 1939. Bhí tionchar uafásach mór ag an Naitseachas ar an oideachas. Bhíodh Naitsithe ‘maithe’ ag caitheamh anuas ar intleachtachas agus níor ceadaíodh fealsúnacht nó ealaín chruthaitheach d’aon saghais. Bhí ar gach múinteoir a bheith ina bhall de léig na múinteoirí Naitsíocha agus bhí tionchar uafásach mór ag an Naitseachas ar an oideachas. Múineadh gurb í an Ghearmáin an tír ab uaisle ar domhan “Deutschland űber alles” agus gurb é Hitler an fear ab fhearr riamh. Casadh stair, tíreolaíocht, litríocht, ceol agus ealaín le hidé-eolaíocht na Naitsithe a mhúineadh agus úsáideadh ceol Wagner le tírghrá a mhúscailt fad is a bhí ceol Mendelssohn faoi thoirmeasc toisc gur Ghiúdach é. Bhí an óige an-tábhachtach don riailréim agus bhí craobhacha éagsúla ag an Óige Naitsíoch. Ó aois a sé ar aghaidh choimeádtaí cuntas ar chumas aclaíochta agus idé-eolaíochta Naitsíoch gach buachaill. In aois a deich chuaigh sé sna Jung Volk agus ag a 14 in Ógra Hitler. Bhíodh ar chailíní dul i Léig na maighdean Gearmánacha agus bhain tábhacht lena cumas máithreachais.

Frith-Ghiúdachas
Bhí an frith-Ghiúdachas mar bhunchloch de fhealsúnacht na Naitsithe. Ó 1933 níor ceadaíodh iad sa státseirbhís nó sna hollscoileanna. Mí Dheireadh Fómhair cuireadh toirmeasc orthu dlí a chleachtadh agus tosaíodh ar fheachtas i gcoinne na nGiúdach. Ba mhinic ionsaí agus fuinneoga briste. Ar ball níor ceadaíodh dóibh bheith ina múinteoirí, ina ndochtúirí, ina gcathránaigh Gearmánacha. Níor ceadaíodh dóibh Gearmánaigh Airianacha a phósadh agus b’éigean dóibh Réalta Dháibhí a chaitheamh. I 1936 theastaigh ó na Naitsithe meas an domhain a bheith acu toisc na gCluichí Oilimpeacha i Munich ach fós dhiúltaigh Hitler a cheithre bhonn óir a bhronnadh ar an lúthchleasaí Afra-Meiriceánach Jesse Owens. Mí na Samhna mharaigh Giúdach i bPáras taidhleoir Gearmánach, Von Rath. Lean Oíche an Ghloine Briste, Kristallnacht. Scriosadh 700 siopa Giúdach, cuireadh teampaill trí thine. Faoi 1939 bhí an bád bán tógtha ag 300,000 Giúdach ach le linn an chogaidh chonacthas ‘réiteach deireanach’ Hitler, uileloscadh 6 milliún Giúdach Google Image Result for http://www.amuseum.org/shoah/brokewin.jpg http://history1900s.about.com/od/annefrank/Anne_Frank.htm Creideamh
Cé go raibh meas aige ar shearmanas na hEaglaise Caitlicí ní raibh aon mheas ag Hitler ar an gcreideamh. B’fhearr leis go mbeadh an Naitseachas ina chreideamh ag na daoine. Bheartaigh sé feachtas a bhunú i gcoinne na nEaglaisí ach bhí a fhios aige go gcruthódh ionsaí oscailte mairtírigh. Gheall sé seasmhacht do na hEaglaisí a bhí buíoch de as an nGearmáin a tharrtháil ón gCumannachas. I 1933 dhein sé Concordat le Pius X1 a gheall saoirse creidimh agus oideachais do na Caitlicigh ach laistigh de chúpla bliain gabhadh sagairt agus dúnadh mainistreacha. Thuig Pius X1 go raibh botún déanta aige agus d’eisigh sé leabhrán ag cáineadh an Naitseachais ach bhí sé ródhéanach. Naisc Hitler na hEaglaisí Protastúnacha in eaglais amháin, an Reichskirche a bhí faoi smacht an Stáit. Eagraíodh roinnt Protastúnach le cur i gcoinne na socruithe seo ach gabhadh an ceannaire Martin Niemöller agus coimeádadh é i ngéibhinn aonarach go ceann seacht mbliain. Ach in ainneoin na láimhe láidre theip ar Hitler na hEaglaisí a bhriseadh.
http://uk.encarta.msn.com/encyclopedia_761559508/Holocaust.html
|
|
|
|
|
|
|
|
| Gleichschaltung | Bhí na Naitsithe i gceannas ar gach gné den saol. |
Autarky | Theastaigh ó Hitler go mbeadh an tír féin-chothaitheach |
Frith-Ghiúdachas | Dearcadh ciníoch Hitler i gcoinne na nGiúdach. |
Concórdat | I 1933 dhein sé Concordat le Pius X1 a gheall saoirse creidimh agus oideachais do na Caitlicigh ach laistigh de chúpla bliain gabhadh sagairt agus dúnadh mainistreacha. |
Jung Volk Ógra Hitler | Eagraíochtaí bolscaireachta agus míleata do bhuachaillí |
Der Fuhrer | An teideal a thug Hitler air féin mar cheannaire Stáit agus airm. |
Ollsmachtachas | Riailréimeanna ar nós Hitler agus Mussolini nuair a bhí an deachtóir agus a pháirtí i gceannas ar gach gné den saol. |
|
|